Sunday, March 28, 2010

Athbhreithniú ar "The Healing Fields"

Is cur síos atá i 'The Healing Fields' le Alexandra Garcia ar an obair atá á dhéanamh ag "Remote Area Medical" le cúpla bliain anuas. Déanann siad freastal ar breis is 2,500 duine i Virginia chuile bliain, go hiomlán saor in aisce agus gan aon airgead nó árachas ag teastáil ó na hothair (atá beo bocht don chuid is mó).











Ó thaobh na hiriseoireachta físe dhe, is píosa den scoth atá sa fís seo. Tá radharcanna síos tríd do dhaoine plódaithe ar fud na háite, ag lorg cabhair i bhfoirm fiaclóireachta agus gnáth leighis.











Cruthaíonn an léiritheoir atmaisféar duairc agus is léir na pointí atá á dhéanamh aici maidir leis an gcóras sláinte mar atá i Meiriceá faoi láthair. Feiceann an léiritheoir agus na daoine lena labhraíonn sí; gur olc an scéil ar fad é nach féidir le daoine cabhair-bhunúsach a fháil i dtír atá chomh-saibhir agus iontach le Meiriceá. Feictear ar na dochtúirí agus na fiaclóirí a dhéanann obair 'Remote Area Medical' mar laochraí.

Thursday, March 11, 2010

Comparáid Nuacta

Comparáid Nuachta: TV3, TG4 agus RTÉ.

Is suimiúil na difríochtaí atá ann idir an trí mhór seirbhísí nuachta teilifíse. Tá stíleanna éagsúla le sonrú iontu uliig, ó thaobh roghanna ceamara, úsáid físeanna agus an rud is tábháchtaí, b'fhéidir: ord na scéalta. Tá an trí seirbhís in iomaíocht lena chéile don chuid is mó agus ar an dóigh sin, teastaíonn uathu rudaí difriúla a dhéanamh le suim an lucht féachana a ghríosadh. Is é RTÉ dár ndóigh, an príomh-stáisiún teilfíse atá sa tír seo. Tá siad an-choimeádach sa tslí ina léiríonn siad a gcláracha nuachta. Tá srian ar radharcanna a bhíonn ag gluaiseacht an-thapaidh. Tá sé de nós acu radarcanna stádach a thaispeáint agus murach sin, beartaíonn siad ar ghluaiseacht mall, ré a thaispeáint. Tá sé seo go hiomlán éagsúl ó TV3, a bhfuil sé de nós acu an t-am ar fad radharcanna gasta a thaispeáint ag luasca agus ag gluaiseacht go han-tapaidh ar fad. Cuirtear béim ar shiamsaíocht i gcás TV3, cé go bhfuil fíor-nuacht fós an-thábhachtach.
Le TG4 is éan rud atá uathu ná súil eile a léiriú ar an scéal, cosúil leis an mana atá acu. Ó thaobh obair-cheamara de, is é a dhéanann siad ná radharcanna níos fileata, níos suimiúla a thaispeáint ná an dá phríomh-iomaitheoir.

B'fhéidir an rud is tábhachtaí ó thaobh comparáid nuachta ná féachaint ar ord na scéálta agus anuas ar sin, na scéalta a roghnaítear. Ar Máirt na seachtaine seo, rinneadh scrúdú ar ar ord agus rogha scéalta an trí mhór stáisiún.

TV3

1. B'é an chéad scéal a bhí ann ná an scéal faoin iarracht chun an cartúnaí Lars ... a mharú. Ní raibh aon úrlabhraí ag TV3 ar an ábhar seo agus bheartaigh siad ar siombail na Gardaí a thaispeáint i radharcanna difriúla, ar fad lonnaithe timpeall ar stáisiún gardaí éigin.

2. Labhair TV3 ansin faoi na fostaithe Aer Lingus a scaoilfear óna bpost amach anseo. Thaispeáin siad fís do ráiteas a rinne CEO Aer Lingus ar an scéal, chomh maith le radharcanna d'eitleáin de chuid an chomhlachta ag fágáil an aerfort, srl. Bhí tuairisceoir acu i lár na cathrach a rinne breis cur síos ar an scéál, áfach.

3. Rinneadh tagairt ansin don scéal oibrithe oispidéil ag dul ar stailc. Rinneadh é seo a léiriú trí radharcanna d'oifigí SIPTU a thaispeáint agus blúirín fuaime a chur ar siúl do theachtaire SIPTU ag tabhairt breis eolas ar an scéal.

4. Tiománaithe Tacsaithe ag dul ar stailc ar fud na tíre. Taispeánadh fís do thiománaí ag cáineadh an rialtas.

5. John Gormley agus rothlú na hairí rialtais. Bhí an scéal seo suimiúil ach go háirithe toisc go raibh an cuma air nach raibh mórán réamh-phleanáil déanta ag TV3 (b'iad an chéad stáisiún le tagairt a dhéanamh don scéal seo). Bhí tuairisceoir taobh amuigh de teach laighean agus ba léir nach raibh mórán ullmhaithe aici. An-úr ar fad mar scéal.

6. Aistriú Cumhachta ó Westminster go Stormont. Rinne an trí stáisiúin an rud céanna nach mór, ó thaobh an scéil seo de.

7. Íocaíochtaí AIB: Bhí mórán radharcanna difriúla agus cúpla ceann ag bogadh, ach bhíodar stádach go leor don chuid is mó.



TG4

1. Ceist Dhaingean Uí Chúis: Déanadh an scéal seo a léiriú tré radharcanna stádacha do Dhaingean Uí Chúis a thaispeáint chomh maith leis an scéom vótála. Freisin, bhí tuairisceoir os comhair scáláin glas ag labhairt mar aon le seanfhear i nDaingean Uí Chúis.

2. Aer Lingus: Bhí an scéal seo difriúil ó TV3 sa tslí is go raibh úrlabhraí ag TG4 a bhí ag labhairt i nGaeilge ar an gceist.

3. Scéal ar ionadaíocht Seán Ó Tuairisg: Cé gur scéal réasúnta bheag a bhí anseo, taispeánadh mórán radharcanna difriúla do thigh Sheáin Uí Tuarisg.

4. Aistriú cumhachta ó Westminster go Stormont: Bhí tuairisceoir i Stormont don scéal seo, rud nach raibh ag TV3.

5. Iarrachtaí chun Lars .... a mharú.

6. Íocaíochtaí AIB. Mar an gcéanna leis an dá stáisiún eile, i ndáiríre.

7. Coirfeach gaotha in Oklahoma, i Meiriceá agus físeán ag dul leis. Ní raibh sé seo ag ceachtar den dá stáisiún eile.


RTÉ SixOne

1. Teipeanna Oispidéil Tamhlacht i leight radharcanna x-gathanna: príomh-fheidhmeannach an ospidéil ag labhairt ar an scéal. Taispeánadh radharcanna do léiriúcháin x-gathanna chomh maith le radharcanna don ospidéal.

2. Ciorruithe Pá san ospidéal agus na féidireachtaí go mbeidh stailc ann.

3. Daoine á scaoileadh as a bpost in Aer Lingus: Taispeánadh radharc i bhfad níos fearr do CEO an chomhlachta, cé gurb é nach mór an stuif céanna a bhí sa fís a bhí ag TV3.

4. Tacsaithe ag dul ar stailc; an fís céanna ag níos faide ná mar a bhí ag TV3.