Thursday, April 15, 2010

An Bainisteoir Úrláir

Tá post an-thábhachtach ag an mbainisteoir úrláir. Feidhmíonn sé/sí mar úrlabhraí idir an príomh-stiúidéó agus an "áiléar" (an áit ina mbíonn an eagarthóir, an stiúirtheoir, an léiritheoir, agus daoine teicniúla eile).

Ceann dos na gnéithe is tábhachtaí a bhaineann leis an bpost seo ná cúram a thabhairt do chúrsaí sláinte agus sábháilteacht. Is gá go mbeadh áiteanna áirithe go hiomlán saor ó tranglam, i dtreo is go mbeidh daoine in ann siúl tríd go héasca i gcás éigeandála.

I measc na scileanna atá ag teastáil mar bhainisteoir úrláir, is gá go mbeifeá go maith ó thaobh cumarsáid dhe. Mar chuid den post, bíonn tú ag feidhmiú le gach aon sórt duine m.sh polaiteoirí, taidhleoirí eachtrannacha agus iomráitigh, chomh maith leis an gnáth-chriú. Is gá go mbeifeá ar an eolas ó thaobh conas deighleáil le aon fhadhb a bheadh ag na daoine seo.

Chomh maith le scileanna cumarsáide, is gá go mbeifeá go maith ó thaobh obair a dhéanamh faoi bhrú. Is gnách go mbeadh míle rudaí difriúla le déanamh agat ag aon am amháin agus bíonn brú ollmhór ort na spriocanna a bhaint amach.

Chun post mar Bhainisteoir Úrláir a bhaint amach, ní gá go mbeadh cailíocht faoi leith agat, ach cabhraíonn sé i gcónaí ó thaobh post a fháil. An bealach is fearr ná post a fháil mar teachtaire agus ansin obair dhian a dhéanamh i dtreo is go dtógfar faoi deara thú agus gur féidir traenáil a thabhairt duit mar bhainisteoir úrláir.

No comments:

Post a Comment