Is cur síos atá i 'The Healing Fields' le Alexandra Garcia ar an obair atá á dhéanamh ag "Remote Area Medical" le cúpla bliain anuas. Déanann siad freastal ar breis is 2,500 duine i Virginia chuile bliain, go hiomlán saor in aisce agus gan aon airgead nó árachas ag teastáil ó na hothair (atá beo bocht don chuid is mó).
Ó thaobh na hiriseoireachta físe dhe, is píosa den scoth atá sa fís seo. Tá radharcanna síos tríd do dhaoine plódaithe ar fud na háite, ag lorg cabhair i bhfoirm fiaclóireachta agus gnáth leighis.
Cruthaíonn an léiritheoir atmaisféar duairc agus is léir na pointí atá á dhéanamh aici maidir leis an gcóras sláinte mar atá i Meiriceá faoi láthair. Feiceann an léiritheoir agus na daoine lena labhraíonn sí; gur olc an scéil ar fad é nach féidir le daoine cabhair-bhunúsach a fháil i dtír atá chomh-saibhir agus iontach le Meiriceá. Feictear ar na dochtúirí agus na fiaclóirí a dhéanann obair 'Remote Area Medical' mar laochraí.
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
No comments:
Post a Comment